BUNREACHT AN CHONARTHA

  1. Home
  2. /
  3. BUNREACHT AN CHONARTHA

1. 1. Is é bunchuspóir an Chonartha tacú, go síochánta, le iarrachtaí na Náisiúin Cheilteacha, Alba, Breizh, Cymru, Éire, Kernow agus Mannin an tsaoirse pholaitiúil, chúltúrtha, sóisialta agus gheilleagrach atá de dhíth uathu le go mairidís agus go bhforbróidh siad mar náisiún neamhspleácha

  1. 1. Ina áirítear:
  2. saothrú chun na teangacha Ceilteacha, atá mar thréithe riachtanach i gcóir gach tír Cheilteach, a athneartú ionas gurb gnáthbhéarla iad arís sna tíortha Cheilteacha.
  3. forbairt ar thuiscint faoin gcaidreamh faoi leith atá ann idir muintir na tíortha Cheilteacha a spreagadh.
  4. dlúthpháirtíocht agus comhoibriú a chothú eatarthu.
  5. ár gcoimhlintí náisiúnta agus na rudaí atá bainte amach againn a chraobhscaoileadh ar fad na cruinne.
  6. cur chun chinn bunú caidrimh eagraithe idir na náisiúin Cheilteacha, ag glacadh leis gur náisiúin faoi leith iad uile, agus é mar chuspóir fad téarmach go mbeidh comhlachas foirmiúil eatarthu amach anseo.
  7. ag glacadh leis nach mbeidh na pobail Cheilteacha saor ach amháinn i sochaí a ligeann do chách bheith rannpháirteach i gnóthaí náisiúnta, i.e. smacht a bheith acu ar tháirgeacht, ar mhalartuithe agus ar sheibhísí, agus saothrú acmhainní na tíre ar son cách.
  1. Tá an Conradh Ceilteach comhdhéanta dos na sé craobhacha náisiúnta agus na craobhacha dúichíocha agus idirnáisiúnta:
  2. Is féidir le cúig bhall déag ar a laghad nach bhfuil cónaí orthu sna tíortha Ceilteacha, arbh as dhá thír Cheilteach ar a laghad dóibh, teacht le chéile chun craobh idirnáisiúnta a bhunú chun ár gcuspóirí a chur i gcrích.
  3. Is féidir craobh dúichíocha a bhunú sna limistéir sin ina labhraítear teanga Cheilteach mar sheanteanga phobail.
  4. Tá bunú craobh nua faoi réir cead a fháil ón Ardchomhairle agus daingniú ón CCB.
  5. Is féidir dreamanna áitiúila a bhunú nuair a chláraíonn baill leis an gConradh, beag beann ar a dtír dúchais agus a líon, chun ár gcuspóirí a chur i gcríoch. Ní mór dóibh bheith comhcheangailte le craobh den Chonradh.
  6. Ballraíocht agus Cáilitheacht:
  7. Leagann cuspóirí an Chonartha béim mhór ar náisiúntacht, ar na luachanna a chaomhnaíonn náisiún do gach glúin (mar shampla féiniúlacht chulturtha agus trádaisíuin, a chuirtear in iúl trína teanga féin, a ceol is araile) agus ar na structúir polaitiúla, cúltúrtha,  agus geilleagracha atá mar bhonn agus mar taca ag an phobal.

Tá cead ag duine ar bith a aontaíonn leis na gcuspóirí seo, má rugadh iad nó má tá cónaí orthu i dtír Cheilteach (in ainneoin a gcine, a gcreideamh is araile), má shíolraíodh ó theaglaigh Cheilteacha iad, nó fiú má thacaíonn siad leis na gcuspóirí seo, bheith ina b(h)all den Chonradh Ceilteach.

Níl cead ag duine nach aontaíonn leis na gcuspóirí seo bheith ina b(h)all den Chonradh, nó más ball iad d’eagrais nó dreamanna a bhfuil cuspóirí acu atá go mór in aghaidh cuspóirí an Chonartha, nó má tá baint acu lena leithéid d’eagras, níl cead acu bheith ina b(h)all den Chonradh.

Ag tagairt don tuairm léirithe i náisiúntacht thuas luaite, níl cead ag duine nó dream ar bith a mholann tuairimí gur fearr cine amháin thar chiníocha eile nó gur chóir ciníocha a scaradh óna chéile, bheith mar b(h)all den Chonradh.

Bíonn baill den eagraíocht i dteidil an iris CARN a fháil. Is féidir le eagrais nó daoine aonair síntiús do CHARN (nó eCarn), ráitheachán an Chonartha Ceiltigh, a thabhairt gan chlárú mar bhall. 

Ar mhaithe leis an eagras, tá sé de cheart againn féin diúltú d’iarratas ballraíochta gan míniú a thabhairt.

  1. Tá cead ag baill agus dreamanna áitiúla clárú le pé craobh is mian leo, ach ní féidir leo clárú ach le craobh amháin, agus moltar gurb é an craobh sa tír ina bhfuil siad ina gcónaí ann.
  2. Tá an Conradh Ceilteach faoi stiúr Ardchomhairle, a bhfuil na hardfheidhmeannaigh (An Tionólaí, An Ard Rúnaí, An tEagarthóir, An Chisteoir, An Leas Ard Rúnaí agus an Stiúrthóir Eolais) agus rúnaithe na gcraobhacha mar chomhaltaí de.
  3. Is an tArd Rúnaí atá freagrach as comheagar gníomhaíocht an Chonartha i ndlúth ceangal agus i gcomhair le baill eile na hArdchomhairle.
  4. Tugtar tacaíocht d’obair an Chonartha Ceiltigh:
  5. I gcoitinne tríd an irisleabhar CARN (nó eCarn), ina fhoilsítear poasaithe agus imeachtaí an Chonartha. Socraíonn an CCB cé comh minic is a foilsítear  é.
  6. Tri foilseachain, bíodh siad bliantúil nó anois is arís do réir cinneadh an CCB
  7. Trí bhunú coistí sainiúla atá faoi mhaoirseacht na rúnaithe, chun nithe a imscrúdú nó chun cinntí a chur i gcrích.
  8. Reachtálann an Conradh Cruinnithe Cinn Bliana chun a bheartais a shainmhíniú, a fheidhmiú a léirmheas, agus chun rudaí a phleanáil  don bhliain ar aghaidh.
  9. An Cruinniú Cinn Bliana:
  10. Tá an CCB ar oscailt do gach ball den Chonradh agus tá cead acu bheith rannpháirteach sna díospóireachtaí a bhíonn ann.
  11. Glactar le cinntí an chruinnithe trí mar a chaitheann baill na hArdchomhairle agus toscairí na gcraobhacha a nguthanna, faoi réir 20a.
  12. Tá sé de cheart ag gach craobh beirt thoscaire a bheith mar ionadaithe acu ag an gCCB, agus tá sé de cheart ag gach craobh idirnáisiúnta toscaire amháin a bheith mar ionadaí acu ag an gCCB, mar aon le rúnaithe na gcraobhacha.
  13. Toghann an CCB ardfheidhmeannaigh don bhliain ar aghaidh agus tugann sé údarás dóibh obair ginearálta an Chonartha a dhéanamh agus a chur i gcrích.
  14. Eagrófar agus reachtáilfear CCBanna agus cruinnithe den Ardchomhairle do réir Ordaithe Seasta an Ardchomhairle.
  15. An tArd Rúnaí:
  16. téann sé/sí i gcomhairle leis an Ardchomhairle roimh cinneadh a dhéanamh ar nithe tábhachtacha.
  17. glacann sé/sí le moltaí i gcóir gníomh don Chonradh ó na feidhmeannaigh agus na baill.
  18. cuireann sé/sí moltaí comhchosúla faoi bhráid an Ardchomhairle.
  19. comheagraíonn sé/sí agus déanann sé/sí maoirseacht ar ghach gné de gníomhaíocht an Chonartha de réir alt a 5 d’fhonn bearta a chomhlíonadh go maith.

e.Tá sé de cheart ag an Ard Rúnai, i gcomhairle leis an Tionalaí, aon Ardfheidhmeannach a bhriseadh as a phost nó ballraíocht den Chonartha agus aon bhall aonar má glacann siad leis go bhfuil an duine sin ag feidhmiú in éadan bunreacht an Chonartha, cinntí an CCB nó Ardchomhairle nó ag tarraingt míchlú ar an gConradh trína gníomhaíochtaí. Bheadh an cinneadh seo le daingniú ag CCB ina dhiadh sin.

  1. An Tionólaí:
  2. bíonn sé/sí ina c(h)athaoirleach ar na Cruinnithe Cinn Bliana agus Cruinnithe de chuid an Ardchomhairle.
  3. tá sé d’údarás aige/aici léiriú don Ard Rúnaí nó don Ardchomhairle mar is gá do chúinse ar bith a d’fhéadfadh teacht salach ar dea-fheidhmiú an Chonartha, go háirithe mura éiríonn le feidhmeannach ar bith a c(h)uid dualgaisí a chomhlíonadh.
  4. An tEagarthóir:
  5. déanann siad na socruithe riachtanacha chun ábhair a fháil do for CARN (nó eCarn) san am cuí le haghaidh a dháileadh rialta agus in am,ag tabhairt san áireamh Ráiteasaí Nuachtáin an an Chonartha.
  6. cinntíonn siad go bhfuil coimhréir ceart idir naa rannóga náisiúnta agus an ceann  ginearálta, mar aon le spás a chur ar fáil d’ailt scríofa sna teangacha éagsúla, le cabhair ó rúnaithe na gcraobhacha.
  7. cinntíonn siad go bhfuil an t-ábhar a sholáthraítear le foilsiú ag teacht le cuspóirí agus polasaithe an Chonartha.
  8. foilsíonn siad ráitis eagarthóireachta más gá, nó téann siad i muinín rúnaí na gcraobhacha nuair nach bhfuil cuir amach acu ar na gcaidrimh inmheánacha sna limistéirí faoi seach.
  9. An Cisteoir:
  10. faigheann siad íocaíochtaí chuig na lárchistí agus íocaíonn siad astu freisin.
  11. cuireann siad tuarascálacha ar fáil don Ard Rúnaí mar is gá agus ullmhaíonn siad ráitis don CCB.
  12. tugann siad tuairisc don Ard Rúnaí nuair a theipeann ar chraobh a dtuairisceáin airgeadais rialta a chuir faoi bhráid an Cisteoir.
  13. An Stiúrthóir Eolais:
  14. déanann an stiúrthóir iarracht muintir na dtíortha Ceilteacha agus an saol mór timpeall an domhain a chur ar an eolas faoi thuairimí agus gníomhaíochtaí an Chonartha.
  15. comheagraíonn siad craobhscaoileadh ráitis nuachta agus malartú ábhair bholscaireachta agus eolas le gluaiseachtaí eile.
  16. ullmhaíonn siad agus tugann siad comhairle ar chonas mar ar chóir feidhm a bhaint as ábhair bholscaireachta an Chonartha.

    14. An Leas Ard Rúnaí:
  17. tugann siad tacaíocht riarthach díreach don Ard Rúnaí agus déanann siad obair mar a údaraíonn an tArd Rúnaí, i leith suíomh idirlinn an Chonartha, atá ag forbairt.

b.déanann siad obair feachtasaíochta údaraithe ag ag an Ard Rúnaí, nó obair feachtasaíochta i tascanna leagtha amach dóibh ag an CCB nó ag An Ardchomhairle.

  1. An Ardchomhairle:
  2. comhairlíonn siad an tArd Rúnaí go mear nuair atá cinntí tábhachtacha a imríonn tionchar ar bheartas agus ar fheidhmiú an Chonartha Cheiltigh de dhíth idir CCBanna.
  3. is féidir leo cruinnithe úrghnách a thionóil idir CCBanna má thacaíonn níos mó ná leath dos na comhaltaí le rún cruinniú úrghnácha a thionóil. Féach freisin 20b.
  4. Is féidir comhaltaí na hArdchomhairle a smachtú nó iad a bhriseadh as a gcúraimí sa dóigh atá sonraithe i rialacha seasta an Chonartha Cheiltigh.
  5. Runaí na Craoibhe:
  6. is iad atá i gceannas ar bhaill a earcú nó síntiúsóirí a fháil do CARN ina limistéar féin agus seolann siad CARN chucu go mear.
  7. déanann siad iarracht daoine a chur ar an eolas faoin gConradh agus le go mbeidh an Conradh níos ábhartha san iarracht neamhspleáchas a bhaint amach sna tíortha Cheilteacha.
  8. cuireann siad na baill ar an eolas maidir le cruinnithe ginearálta agus cruinnithe na craoibhe i dtráth cuí.
  9. socraíonn siad le go dtoghfar coiste don chraobh agus téann siad i mbun comhairle leis an gcoiste maidir le nithe tábhachtacha a n-imríonn tionchar ar an gConradh i gcoitinne agus ar an gcraobh ach go háirithe.
  10. comharlaíonn siad an tArd Rúnaí thar ceann na craoibhe.
  11. cinntíonn siad gur leor na síntiúisí airgid ón chraobh le gur féidir leis an Conradh dul chun cinn a dhéanamh.
  12. comheagraíonn siad gníomhaíochtaí na craoibhe tar éis dul i gcomhairle le coiste na craoibhe.
  13. soláthraíonn siad tuarascálacha ráithiúla don Ard Rúnaí ar ghníomhaíochtaí na craoibhe agus líon na mball.
  14. soláthraíonn siad tuarascálacha ráithiúla do Chisteoir an Chonartha, ina áirítear síntiúisí ón chraobh chuig na lárchistí.
  15. bíonn sé/sí i bhfeighil ailt a sholáthair do CARN/eCARN óna limistéar féin.
  16. Coiste na Craoibhe:
  17. bíonn ar a laghad triúr bhall eile (seachas an Rúnaí) ar an gCoiste, as a thoghfar Tionólaí, Cisteoir agus Bolscaire ag CCB na craoibhe.
  18. ní féidir feidhmeannach nó ball de chraobh a smachtú nó a dhíbirt ach amháin ag cruinniú craoibhe a thionóladh go cuí sa dóigh sonraithe i Rialacha an Chonartha Cheiltigh.
  19. Toghtar Rúnaí na Craoibhe ag an CCB na craoibhe, nó mura dtarlaíonn sin, toghann an coiste an rúnaí, nó mura dtarlaíonn sin, ceapann an tArd Rúnaí iad, faoi réir daingniú ón Ardchomhairle nó CCB.
  20. Tionólaí na Craoibhe:
  21. Tá sé de dhualgas ar Thionólaí na Craoibhe chur in iúl do Tionólaí an Chonartha má theipeann ar an Rúnaí a d(h)ualgaisí a chomhlíonadh go sásúil, d’fhonn an scéal a fheabhsú, má theipeann ar gach iarracht sin é a dhéanamh sa chraobh.
  22. Tá sé mar chumhacht ag Tionólaí na Craoibhe cruinnithe de chuid na craoibhe a ghairm, tar éis dul i gcomhairle le Rúnaí na Craoibhe, má tá sin á éileamh ag na baill.
  23. Is féidir Cruinniú Ginearálta Urghnách a thionóil más é toil 20% nó níos mó de bhaill na craoibhe go reachtálar an cruinniú; tá sé le heagrú ag Tionólaí na Craoibhe tar éis dul i gcomhairle le rúnaí na Craoibhe agus an tArd Rúnaí.
  24. Glactar le cinntí ar nithe tábhachtachta:
  • a. Ag CCBanna le comhaontú d’aontoil Rúnaithe na gCraobhacha i láthair – nó lena gcuid ionadaithe – agus le tromlach iomlán iad siúd atá i láthair.
  • b. idir CCBanna le comhaontú d’aontoil rúnaithe na gcraobhacha agus le tromlach iomlán na hArdchomhairle, agus ina leithéid de chás téann an tArd Rúnaí i mbun comhairle agus beidh comhaontú mar atá i 20a de dhíth dos na cinntí sin, le go bhfanfaidh siad i bhfeidhm ón chéad CCB eile ar aghaidh.
  • c. Is ní tábhachtach:
  1. ní a éilíonn athrú sa Bhunreacht.
  2. ceann a bhaineann le híomhá phoiblí an Chonartha.

iii. ceann a bhaineann le gach craobh.

  1. ní ar bith a mheasann dhá rúnaí craobha a bheith tábhachtach.
  2. Is féidir le Rúnaí na Craoibhe cinneadh ar nithe áirithe nach baineann le gach craobh a ghlacadh as féin, thar ceann na craoibhe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ard Rúnaí, lena chinntiú nach tagann siad salach ar polasaithe an Chonartha Cheiltigh.

Má aontaíonn tú leis an mbunreacht agus ár gcuspóirícláraigh linn.