FEACHTAIS

  1. Home
  2. /
  3. FEACHTAIS

Léigh Éachtaí na Sraithe Ceilteach

FEACHTAIS LEANÚNACHA

Seo iad na feachtaisí éagsúla go bhfuil baint ag an Conradh Ceilteach leo (chomh maith le beagán cúlra ar na feachtaisí).

Polaitiúil

Is é saoirse polaitiúil na tíortha Cheilteacha ceann d’aidhmeanna bunúsacha an Chonradh mar gan an cuspóir sin a bhaint amach bheadh sé thar a bheith deacair ár gcuid aidhmeanna eile a chur i gcríoch. An t-aon bealach chun an saoirse pholaitiúil seo a bhaint amach ná chun go mbeadh a stáit féin ag na tíortha Cheilteacha. Dá bhrí sin creideann an Conradh Cheilteach go bhfuil an ceart ag daoine a féinnchintiúchán náisiúnta a lorg má theastaíonn uathu. Tá sé seo ar cheann de na fáthanna a léiríonn an Chonradh dlúthpháirtíocht le daoine ar fud an domhain atá ag troid ar son an saoirse céanna seo. Daoine ar nós na Báscaigh, na Catalóinigh, na Tibéadaigh, na Maoraigh, na Tamalaigh srl agus tugann an Chonradh comhghairdeas dóibh siúd a bhaineann amach an saoirse sin ar dheireadh thiar thall ar nós na Cosavaigh.
Tugtar aithint do chearta daoine féinnchintiúchán a bheith acu in Airteagal 1 de Chonradh Idirnáisiúnta Cearta Pholaitiúl (CIPRS) agus Sibhialta na Náisiúin Aontaithe. Agus ar an chaoi céanna leis na NA, cuireann an Chonradh Cheilteach i gcoinne iarractaí rialtaisí stáit bac a chuir ar ghluaiseachtaí i dtreo féinnchintiúchán. Chuir an Chonradh aighneachtaí isteach ag na NA sna 1960idí maidir le féinnchintiúchán na Breataine Bige agus Alba (rud atá soiléir anois gurb an rogha ceart é ó tháinig Tionól na Breataine Bige agus Phairlimint na hAlbain ar an bhfód).

In aineoinn do Rialtais na Breataine agus na Fraince an CIPRS a shíniú agus a dhaingniú, déantar bac leanúnach a chuir ós chomhar iarrachtaí ar féinchintiúchán a bhaint amach do muintir na tíortha Cheilteach. Is é cuid de obair an Chonradh Cheilteach ná cleachtaisí éillithe na húdaráis stáit seo a léiriú agus a chur ina choinne. Scaoileadh comhaid rúnda de chuid rialtas an Ríocht Aontaithe sa bhlian 2009 a léirigh go soiléir gur oibrigh rialtaisí an Páirtí Lucht Oibre agus an Páirtí Coimeádach chun scrios rúnda a dhéanamh ar an gluaiseacht Féin Rial in Alba suas chomh fada le na 1970idí. Dár ndóigh tá an scéal mar an gcéanna i dtuaisceart na hÉireann agus gan dabht sna tíortha eile Cheilteacha go léibhéileacha áirithe chomh maith.

Is spleáchas coróin den Ríocht Aontaithe é an Oileáin Mhanainn cé nach bhfuil sí mar chuid de RA nó an Aontas Eorpach. Tá tionchar ag Banraíon Shasana fós ar chóras pholaitiúl an Oileáin mar go bhfuil ról an ‘Lord of Man’ agus ceann an stáit fós ina sheilbh aici. Cé nach bhfuil ach ról searmónach go príomhga i gceist, leanann an Chonradh leis an bhfeachtas chun iachall a chur ar rialtas an Oileáin Mhanainn gearradh siar ar an ról a n-imríonn Banraíon Shasana i gcúrsaí an Oileáin. Chomh maithe le sin is feachtas leanúnach an Chonradh é brú a chur ar rialtas an Oileáin neamhspleáchas iomlán a fhógairt mar a bhfuil sé ar a gcumas acu déanamh.

Níl dabht dá laghad ann ach go bhfuil tionchar díreach ag Diúcacht an Chorn i réimsí áirithe forbartha laistigh de Chorn na Breatain, ach go háirithe san eacnamaíocht agus sa córas dlí ann. Tá stádas bunreachtúil an Diúchacht compléacsach go leor agus tá smacht aige ar réimsí leathan ina measc a (Stannary) parlimint féin agus a chóras cúirte. Tá líon níos mó daoine áfach ag céistiú stádas bunreachtúil an Diúcacht. Tacaíonn an Chonradh leis an feachtas i neart réimsí chun solas a chaitheamh ar an míleas a bhaineann an Diúcacht as a gcumhacht i gCorn na Breataine. Tacaíonn an Chonradh le grúpaí ar nós ‘Conrwall 2000’ and an ‘Stannary Parliamnet’ arbh iad a gcuid aidhmeanna ná ról an Diúcacht i gcúrsaí bunreachtúla a nochtadh agus a phoibliú.

Tacaíonn an Chonradh Cheilteach leis an bhfeachtas Tionól Chornach a bhaint amach. Ní chreideann an Chonradh go bhfuil buntáiste ar bith le baint as comhairle údarásach aonadach a chuir ar bun i gCorn na Breataine. Is ag laghdú deis Tionól a bhaint amach a bheadh a leithéid de ghluaiseacht mar go gcruthaíonn an Comhairle Cornach nua ceangal níos láidre idir an tír agus riaracháin sintéiseach réigiúnda Iar Dheisceart Shasana.

Maidir le Breizh is é an príomh bac i baint amach cuspóirí teanga agus pholaitiúla ansin ná dearca impriúlach stát lárnaithe na Fraince. Eascraíonn naimhdis na Fraince i leith an náisiúnachas Briotánaigh ó am atá thart agus atá fágtha ina ndiaidh ag an cuid is mó de na tíortha Ceilteacha. Tá an Fhrainc naimdeach i leith an dlúthpháirtíocht idir-Cheilteach a léiríonn grúpaí ar nós an Chonradh Cheilteach don Briotáin. Léiríodh é seo ag CGB an Chonartha sa mBriotáin sa bhliain 2007 nuair a d’fhan póilíní i láthair lasmuigh den foirgnimh ina raibh an cruinniú ag dul ar aghaidh ann.
Teastaíonn uaidh an Chonradh Cheilteach go n-athaontófaí réigiún an Loire-Atlantique isteach i talamh stairiúl na Briotáine. Tacaíonn Comhairle Réigiúnda na Briotáine agus tromlach muintir na Briotáine leis an bpolasaí athaontaithe chomh maith. Rinneadh an Loire-Altantique a scaradh i dtéarmaí pholaitiúla agus riaracháin le linn do ré na Fraince Vichy sa bhlian 1943. Tagann an críochdheighilt seo, atá i bhfeidhm go fóill, salach ar seintimint an CIPRS. Tacaíonn an Chonradh le grúpaí a oibríonn trí módhanna síochánta chun athaontú na Briotáine a chur i gcríoch agus tá an Chonradh i mbun feachtas don cuspóir céanna.

Is eagraíocht é an Chonradh Cheilteach nach bhfuil polaitíocht páirtithe nó eagraíochtaí rialtais ag baint leis ach tacaíonn an Chonradh le páirtithe ar bith a n-oibríonn i dtreo ár gcuid aidhmeanna. Is féidir le baill an Chonartha bheith mar chuid de pháirtithe ó trasna an speictream uilig ach tabhairt san áireach aidmeanna agus cuspóirí an Chonartha níl a leithéid indéanta i ndaíríre. Síos tríd na blianta tá tacaíocht tugtha ag an gConradh do neart páirtithe forchéimneach agus comhshaoil náisúiníoch atá ag feidhmiú sna tíortha Cheilteacha msh an SNP agus Plaid Cymru, ach tá sé seo ag athrú de réir mar a dhruideann ár náisiúin níos mó i dtreo sprioc an féinchinniúnt agus leanfaidh an t-aistriú seo ar aghaidh.

Thacaigh an Chonradh Cheilteach le feachtais Craobh na hÉireann i gcoinne Conradh Nice agus Liospóin cé go raibh tuairimí i gcoinne sin laistigh den Chonradh ó thaobh Liospóin de. (Ba chóir a thabhairt faoi ndeara nach bhfuil an Oileáin Mhanainn mar chuid den AE). Ó tharla sé go ndeachaigh Conradh Liospóin tríd agus go bhfuil sé anois i bhfeidhm beidh an feachtas ag díriú ar breis daonlathas a bhaint amach laistigh den AE. Tá an Conradh Cheilteach i gcoinne socrú toghcheantar an AE atá i bhfeidhm faoi láthair nach dtugann aitheantas do teorainn stairiúla Corn na Breataine nó an Bhriotáin agus a bhfágann Éire scoiltí idir na sé chontae agus na fiche-sé chontae.

Tá an Conradh Cheilteach i mbun feachtas faoi láthair chun Comhairle Óige Cheiltigh a bhunú ionas guth níos láidre a thabhairt do dhaine óga sna tíortha Cheilteacha. Faoi láthair tá Comhairle Óige na Breataine agus Comhairle Óige na Fraince a labhraíonn ar son na tíortha Cheilteacha ach gan a leithéid ann sna tíortha Cheilteacha féin seachas Éire.
Leanann an Conradh lena dtraidisiún cur in éadan earcaíocht mhíleata an MOD i scoileanna sa Ríocht Aontaithe. Is feachtas é seo atá ag dul ar aghaidh le fada ag an gConradh agus béim ar seasamh i gcoinne an pholasaí earcaíochta seo i Mannin, Cymru agus Alba. Chomh maith leis sin tá iachall curtha ag an gConradh i dtíortha eile ar na rialtais gan cead a thabairt do fórsaí mhíleata cuairteanna a thabhairt ar scoileanna.

 

Teanga

Tá cearta teanga mar chuid chomh lárnach sin de obair an Chonradh Cheiltigh go bhfuil fáil air in Airteagal 1a de Bhunreacht an Chonartha. Deirtear ann go n-oibreoidh an eagraíocht: 

“. . .. i dtreo athbheochan na teangacha Ceilteacha mar teangacha cumarsáide laethúil na daoine mar gur tréithe tábhachtacha an náisiúntacht i ngach tír Cheilteach éagsúl iad.”
Ag leanúint uaidh seo déanann an Chonradh tuairisciú rialta ar forbairt na teangacha Cheilteacha. Cuireann an Conradh feachtais ar bun chun na teangacha a chuir ar ais i mbéil an phobail i ngach réim den saol náisiúnta agus go háirithe chun tacaíochta agus forbairt a thabhairt do na teangacha in áiteacha ina bhfuil siad fós á labhairt i measc na ndaoine. Glacann an Chonradh páirt i seisiúin chomhairliúcháin rialtais agus eargraíochta éagsúla chun an sprioc seo a bhaint amach agus tacaíonn sé le grúpaí ar bith atá mar aidhm acu chur chun chinn a dhéanamh ar agus cosaint a thabhairt do chearta teanga na pobail éagsúla na teangacha Cheiltigh. Bhí an Chonradh i gcónaí ag tacíocht le gluaiseachtaí éagsúla teanga sna tíortha Cheilteacha chomh maith le tuairimí láidre a thabhairt ar chinntí rialtais agus údaráis áitiúla a thug nó a bhain tacaíocht do scoileanna a mhúin sna teangacha Cheilteacha. Le déanaí ghlac an Chonradh ról tábhachtach i tacaíochta a tabhairt do chur ar bun gluaiseacht ré-scolaíochta dátheangach i gCorn na Breataine.
Le linn den daichead bhliain deirneach tá na teangach Cheilteacha tar éis dul trí athbheochan ollmhór, ach go háirithe in Alba, Cymru (An Bhreatain Bheag), Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (An Oileáin Mhanainn). É sin ráite níl teanga Cheilteach ar bith tar éis an iompú teanga a stopadh ag dul i dtreo an Béarla agus an Francís agus tá neart oibre le déanamh fós. Le déanaí chuir an Chonradh fianaise isteach a bhí ag plé Ord Cumais Teanga ó Rialtas Tionóil na Breataine Bige chuig Roghchoiste Gnóthaí na Breataine Bige i dTeach na dTeachtaí. Má beartaítear ar seo tugfar smacht iomlán do Rialtas na Breataine Bige ar chúrsaí reachtaíochta na teanga, rud a bheadh mar bua mór don Bhreathnais agus an Bhreatain Bheag.
Leanann an Chonradh lena feachtas ar son Acht Teanga Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann agus bhí roinnt dár ball i láthair ag an agóid deirneach a d’eagraigh an eagraíocht Gaeilge POBAL sa bhliain 2009.
Tá an Chonradh ag dul i mbun feachtas i gcónaí ar son úsáid níos forleithne de comharthaí bóithre dátheangacha in Albain.
I measc na teangacha Cheilteach ar fad is é forbairt na Briotáinise imní buairte is mó don Chonradh. Tá Rialtas na Fraince fós ag séanadh daingniú a dhéanamh ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i leith na Briotáinise agus tá rialtaisí na Fraince go leanúnach ag caitheamh i mbealach suarach le cearta teanga cainteoirí na Briotáinise. Mar toradh ar seo tá an Briotáinis ag dul in éag cé go raibh deis ann dó bheith ar an teanga nó ceann de na teangacha is láidre Ceilteacha i dtéarmaí líon na gcainteoir dá mba dtugadh tacaíocht beag fiú.

Tá ráite ag Rialtas na Fraince leis an gConradh go bhfuil sé dodhéanta aitheantas ar bith a thabhairt go teanga ar bith eile seachas an Francís de bharr foclaíocht Bunreacht na Fraince. É sin ráite, is féidir leasúcháin a dhéanamh ar Bunreacht na Fraince ar nós bunreacht ar bith eile agus tá sé seo tar éis tarlú cheana go rialta. Sa bhlian 2008 thug Rialtas na Fraince lámháltas teoranta maidir le aitheantas a thabhairt do theangacha eile sa Fhrainc trí leasú bídeach a dhéanamh ar an mBunreacht ionas aitheantas a thabhairt go raibh teangacha ‘réigiúnda’ á labhairt laistigh dá theorainn agus dár ndóigh bhí an Bhriotáin ina measc siúd. Is cúis imní é do Chonradh gur ró-mhall atá an lámháltas seo tagaithe agus leanfaidh sé ar aghaidh go dian leis an feachtas chun cearta teanga a bhaint amach do chainteoirí na Briotáinise.

Bhí agus tá an Chonradh i mbun feachtais chun stádas oifigiúl na teangacha Ceilteacha a bhaint amach ag léibhéil Aontas na hEorpa. Tá an Gaeilge tar éis stádas oifigiúil a bhaint amach sa bhliain 2007 agus tá an Bhreatnais agus an Gadhlig tar éis roinnt aitheantas a fháil. Leanfaidh an Chonradh leis ag lorg lán aitheantas do na teangacha Ceilteacha.

Shínigh an Chonradh Cheilteach an Dearbhú Uilechoiteann Cearta Teanga i mBarcelona sa bhliain 1996. Ar an 17iú Meitheamh 2008 cuireadh moladh réitigh ós comhar ceanncheathrú na Náisiúin Aontaithe (Palais des Nations) i Ghinéiv na hEilvéise chun an Dearbhú Uilechoiteann a ghlacadh mar Chonbhinsiún Idirnáisiúnta.
Ón mbliain 2008 ar aghaidh tá an Chonradh ag cur iachall ar na constábhlachtaí agus fórsaí éagsúla póilíneachta sa tíortha Ceilteacha meas a léiriú ar na teangacha Ceilteacha ann. Tá an Chonradh tar éis dul i dteagmháil leis na fórsaí pólíneachta uilig go dtí seo seachas iad siúd atá lonnaithe sa mBriotáin. Tá na fórsaí uilig póilíneachta uilig tar éis bheith dearfach ina bhfreagraí agus tá ráite ag roinnt acu go forbródh siad an cheist m.s.h san Oileáin Mhanainn sa bhlian 2008 dúirt an constáblacht go gcuireadh siad an Mhanannais are a mótarfeihiclí uilig de bharr an fheachtais.

Cultúrtha

I go leor bealaí tá cearta teanga idirnasctha le chearta cultúrtha, ach mar gheall go bhfuil sainchúram an Chonradh agus clár gnó a bhfeachtaisí leathan go leor cheana féin déanann sé ciall deileáil le na ceisteannaí seo go haonarach cé go bhfuil neart trasdáileadh eatharthu.

É sin ráite cuireann an Chonradh Cheilteach feachtaisí ar bun ar cheisteanna atá baint níos mó leis an gcultúr ná an teanga acu. Sampla amháin soiléir ná an iarracht a dhéanann an Chonradh cluichí spóirt dúchasacha Cheilteacha a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Le bliain anuas tá an Chonradh tar éis feachtais áirithe a chuir ar bun i réimsí éagsúla maidir le spóirt in Albain. Ina measc seo tá feachtas chun an focal ‘Alba’ a bheith scríofa ar geansaithe foireann rugbaí na tíre, chur chun cinn an cluiche dúchasach Camánacht, feachtas i gcoinne canadh amhráin seicteacha ag cluichí sacair agus ag tacú le foirneacha scoite Albanacha i ngach cineál spóirt.
Chomh maith leis sin glacann an Chonradh páirt i bpróiséisí comharliúcháin i chun spóirteanna traidisiúnta a chur chun cinn m.s.h Comhairliúcháin ‘Pathways into Sport’ a reachtál Rialtas na hAlbain sa bhliain 2008.

Thacaigh an Chonradh le ceart an Cumman Lúthchleas Gael (CLG) a cinneadh féin a dhéanamh gan cur isteach pholaitiúl maidir le úsáid a staidiam, Páirc an Chrócaigh, do códanna spóirt éagsúla. Tá an Conradh i mbun feachtas faoi láthair chun go n-aithneofar Alba mar tír ann féin seachas mar chontae laistigh de srath an CLG.
Feachtas eile atá ar bun ag an gConradh maidir le spóirt ná chun brú a chuir ar an gCoiste Idirnáisiúnta Oilimpeach glacadh le foireann na Breataine Bige agus Alba, mar atá tarlaithe cheana, i gCluichí Oilimpeacha 2012 i Londain. Chuir an Chonradh brú ar an gCoiste cluichí na bliana 2009 a bhogadh amach as an tSín mura chuir na húdaráis ansin stop lena gearleanúint ar muntir na Tibéide.
Cuireann an Chonradh ilchineálacht cultúrtha chun cinn chomh maith. Le déanaí rinneadh Craobh Corn na Breataine mar baill de eagraíocht a chuidíonn leis an gcothromaíocht agus an ilchineálacht a chur chun cinn i gCorn na Breataine. Tá sé seo mar chuid de feachtas ginerálta de chuid an Chonartha i gcoinne an ciníochas, leithcheal agus claontacht.

Tá ról tábhachtach agus lárnach ag siombail ar nós bratacha agus comharthaí i bhféiniúlacht na tíortha Ceilteacha. Mar gheall ar an bhfogasacht gheografaíocht idir na tíortha Ceilteacha agus na cumhachtaí impriúlach a rinne cólíneadh orthu, Sasana agus an Fhrainc, tá siombaileachas breise ag bratacha na tíortha sin mar go gcruthróidh siad mothúcháin comhshamlaithe i gcónaí i measc muintir na tíortha Ceilteacha. Leanfaidh an Chonradh leis a bhfeachtas a dhearbhaíonn ceart na tíortha Ceilteach a gcuid bratacha náisiúnta a chuir ar foluaineach agus gan bratacha agus siombaileacha eile ár gcomharsan neamh-Cheilteach a úsáid. Rachadh a leithéid de pholasaí i dtreo fáil réidh leis an mothúcháin go bhfuil muntir na tíortha Cheilteacha a chlaígh go cultúrtha, chomh maith le teanais cultúrtha agus pholaitiúla a laghdú.
Is í ceann de na ról is tábhachtaí atá ag an gConradh ná chun aitheantas ar oidhreacht culúrtha agus stair na tíortha Cheilteacha a chur chun cinn. Déanann an Chonradh feachtas ar son aitheantas a bhaint amach do thraidisiúin na tíortha éagsúla chomh maith leis an líon ceart cistiúcháin a bhieth ar fáil do cheiliúradh an méid sin m.s.h aitheantas ar na naomh pátrúin éagsúla, múineadh curiculam oiriúnach díláraithe sna scoileanna agus breacadh ceart de suíomhanna cathanna ársa ar léirscáil.

Leanann an Chonradh leis a feachtas reatha chun déantúsáin stairiúla atá choinnithe lasmuigh de na tíortha Cheilteach a thabhairt ar ais m.s.h Leabhar Mhanainn, Fir Fichide Leódhas, Clóca Órga Mold agus Litir Ráthaithe Wallace s.r.l Tá roinnt de na déantúsáin seo choinnithe sa stát pholaitiúl céanna, rud a chiallaíonn nach mbeidh dlíthe idirnáisiúnta maidir déantúsáin a thabhairt ar ais mar fhadhb. Roimhe seo dúradh nach raibh na háiseanna caoi chun na déantúsáin a choimeád, ach sa lá atá inniú ann ní cheist é sin a thuilleadh.

Cearta Daonna

Tá cosc agus chur chun cinn cearta daonna mar chuid tábhachtach de obair an Chonartha Cheiltigh. Le blianta beag anuas tá muid tar éis feachtas dian a chuir ar bun maidir le cearta príosúnaithe sna tíortha Cheilteach, ach go háirithe sa mBriotáin agus in Éirinn. Dhá feachtas atá ar bun faoi láthair ná chun go ndéanfar aisdiúchiú ar Noel Maguire ó Priosúin Whitemoore i Shasana go Príosún Portlaoise in Éirinn agus ar Michael Campbell atá i bpríosúin sa Liotúáin (chomh maith le go dtabharfar aire do leasa Campbell). Tá feachtas leanúnach ar bun ag an gConradh chomh maith ar son cearta príosúnaigh atá fíor dhrochshláinte nó tinneas foirceanta orthu.

Is ábhair imní é don Chonradh an bealach a chaitheann pólíní agus córás beithiúnach na Fraince le gníomhaithe pholaitiúla Briotánach mar is léir go bhfuil ag teacht salach ar chearta daonna na gníomhaithe. Sa bhlian 1999 ghabh pólíní na Fraince neart gníomhaithe Bhriotánacha agus chuireadh roinnt díobh i bpríosúin ar feadh go leor blianta gan fiú iad a bheith cúisithe roimhré. Tá an Conradh bainteach sa bhfeachtas chun na príosúnaithe a scaoileadh saor agus a gcuid ainmneacha a ghlanadh.

Chomh maith le seo oibríonn an Chonradh, comh fada agus is féidir, ar son cearta daonna daoine eile ar fud an domhain agus tugann muid ár dlúthpháirtíocht dóibh siúd ar nós na Tibéidigh, na Maori agus na Bascaigh. Le blianta beaga anuas is cúis imní áirithe é don Chonradh an leatrom atá á dhéanamh ag an Spáinn ar na Bascaigh. Tá Údarais Stáit na Spáinne ag cur cosc ar pháirtithe pholaitiúla agus foilseacháin pholaitiúla Bascach. Maidir le seo is cúis mór imní é don Chonradh é an bealach ina bhfuil an Spáinn tar éis reachtaíocht frith-sceibhlitheoireachta a dréachta agus breithimh cúirte a dhéanamh atá tar éis teacht salach ar chearta daoine tríd iad a ghabhadh, coinneáil ar feadh treimhsí ró-fhada agus grúpaí iad a bhriseadh suas nuair a bhalaíonn siad le chéile. Thug an Runaí Ginerálta agus tionólaí an Chonartha chomh maith le ball eile de bhrainse na hÉireann cuairt ar Tír na mBascach sa bhliain 2009 leis an gcuspóir eolas a bhailiú. Le linn na cuairte bhuail na baill le gníomhaithe pholaitiúla agus teanga Bascach chun fáil amach go díreach cén na deacreachtaí a bhí acu.
Tá an Chonradh tar éis feachtais a chuir ar bun i gcoinne reachtaíocht frith-sceibhlitheoireachta, agus an teacht salach ar saoirse daoine a thagann le sin, i dtríortha chomh fada scartha ar nós Mannin agus an Nua Shéalainn. San áireamh ar seo bhí feachtais i gcoinne eitiltí seachadadh an CIA a bhí ag stopadh in aerfortanna in Éirinn agus in Albain roimh dóibh dul ar aghaidh.

Tá an Chonradh i dteagmháil leis an gCoiste Eorpach ar Chosc Chéasadh le roinnt blianta anuas. Tugadh cuireadh dúinn ár dtuairimí ar roinnt ábhair bainteach le cearta daonna a chuir ós a gcomhar an Choiste ar bhonn rialta.

Feachtas eile fadtéarmach atá fós ar bun ag an gConradh ná chun cabhrú leis na clanna a chaill gaolta nuair a thuairteáil Eitilt Aer Lingus Viscount EI-712 sa bhliain 1968 inar chailleadh 61 duine agus chun fáil amach ceard go díreach a ndeachaigh mícheart an lá sin.

Cosaint Timpeallachta

Níl feachtaisí reahta timpeallachtaí an Chonradh chomh forleathan sin is atá feachtaisí i réimsí eile, ach tá roinnt feachtaisí timpeallachta ar bun ar feadh tréimhsí fada go dtí an pointe go bhfuil an Chonradh in ann a rá go bhfuil speisilteoireacht againn i réimsí áirithe atá bainteach leis an timpeallacht.

Tá feachtaisí timpeallachta ar bun sna tíortha Cheilteacha uilig agus i roinnt cásanna tá forluithe le sonrú. Ábhair mór imní dúinn ná go bhfuil neart ionaid gineála cumhacht núicléach ar fud na hAlbain agus ceann amháin sa Bhreatain Bheag a chruthaíonn truailliú agus contúirt. Tá feachtas fada curtha ar bun ag an gConradh chun an truailliú a gcruthaíonn an stáisiún núicléach ag Sellafield, Sasana, a thabhairt chun aird an phobail. Tá rialtas na fiche-sé chontae tar éis comhairle a aimsiú ón gConradh faoin obair atá déanta ag an eagraíocht maidir le Sellafield síos tríd na blianta agus chun an dainséir a chruthaíonn an láithréain do Éire, agus na tíortha eile Cheilteacha dar ndóigh. Chomh maith le sin tá eagraíocht de chuid na Náisiún Aontaihe, an Ghíomhaireacht Idirnáisiúnta do Chumacht Adamhach, tar éis comhoibriú leis an gConradh agus leanfar ar aghaidh leis sin.

Tá an Chonradh ag déanamh monatórieacht i gcónaí ar an tionchar timpeallachta a mbíonn ag bunáiteanna fomhuireáin camhlacht na Breataine agus na Fraince in Alba, an Bhriotáin agus i bPlymouth Sasaana (mar gheall ar a ghoirreacht go dtí Corn na Breataine). Leanann an Chonradh lena bhfeachtas chun na bunáiteanna a dhúnadh nó na formhuireáin a lonnú in áiteachaí eile nó ar a laghad go gcloíghfí le caighdéain arda timpeallachta agus le monatóireacht neamhspleách.

Tá an Chonradh glan ina gcoinne úsáid cumhacht niúcléach sna náisiúin Cheilteach. Bheadh sé i bhfad níos fearr don timpeallacht dá mbainfí úsáid as cumhacht inbhunaithe agus athnuaithe. Creideann an Chonradh gur ghá stop iomlán a chuir leis an saothrú atá a dhéanamh ag comhlachtaí móra il-náisiúnta ar ár achmhainní nádúrtha agus mianraí teoranta.

Dá bharr seo tacaíonn an Chonradh leish an bhfeachtas Shell go Sáille (Shell to Sea) atá á rith in Éirinn faoi láthair i gcoinne na corporáide mór domhanda Shell atá, le chabhair rialtas stáit na sé-chontae is fiche ag teacht salach ar chearta agus sábháilteach muintir Ros Dumhach, Contae Mhaigh Eo. Tá an Chonradh tar éis feachtas a chuir ar bun ag iarraidh athbhreithniú ar an bpíopa gása leachta de ardbhrú. Cruthaíonn píopa mar seo dainséir do phobail ar bith trína ritheann a leithéid agus chomh maith le tacú le munitir Ros Dumach i gcoinne píoplíne na Coiribe agus seasann an Chonradh i gcoinne an ‘South Wales Gas Pipeline Project’ atá á bhforbairt ag an ‘Eangach Náisiúnta’ agus a ritheann leithead na Breataine Bige.

Mar gheall ar an díobháil uafásach a dhéantar don chósta agus do uiscebhealaí intíre de bharr doirteadh ó tankéirí agus scaglanna ola bíonn an Chonradh ag cur feachtais ar bun chun aird a tharraingt ar a leithéid. Tá an Chonradh tar éis dul i mbun feachtas i gcoinne na doirtithe olaidh a tharlaíonn de bharr aistriúcháin oladh ó long go long sa ‘Firth of Forth’ in Albain, na doirtithe a tharla i scaglann oladh Saint Nazaire sa Bhriotáin agus le déanaí an bagairt a chruthaíonn na tankéirí oladh a mbíonn ar ancaire ar chósta an UK ag fanacht ar phraghas an ola ardú.

Tá an Chonradh le fada ag cur feachtas ar bun i gcoinne an trualliú a ndéantar don timpeallacht mara agus don chósta de na tíortha Ceilteacha de dheasca dumpáil armlóin ag MOD Shasana. Thar na blianta tá armlóin ón dumpa is mó de na armlóin mara seo – Beaufort Dyke idir iar-dheiscirt na hAlbain agus oir-thuaiscirt na hÉireann – tar éis chóstaí an Oileáin Mhanainn, Éire agus Sasana a thruailliú agus tá an Chonradh tar éis brú leanúnach a chuir ar an MOD agus Rialtas Shasana straitéis ceart a chuir i gcríoch chun an dumpa seo a ghlanadh sula marófar duine éigin.

Tá an feachtas chun cosc a chuir ar Rialtas na hOileáin Mhanainn ar mianadóireacht atá á dhéanamh acu ar an gcomhbhailliú ar ghrineall na farraige Cheiltigh ar siúl ar feadh na blianta. Tá an Chonradh tar éis bua a fháil sa bhfeachtas seo de bharr go bhfuil an Rialtas i ndiaidh stop a chuir le eisiúint ceadúnais nua don mianadóireacht seo do chomhlachtaí, ach bíonn an cheist á phlé fós ó ham go chéile ag an Rialtas. Bíonn an Chonradh ag déileáil leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Muirí, eagraíocht de chuid na Náisiúin Aontaithe, ar bhonn leanúnach agus i réimsí éagsúla.

Tá an Chonradh Cheilteach ar son coamhnú ceart ar an gcomhshaoil. Seasann an Chonradh glan i gcoinne forbairt nach bhfuil inbhuanaithe agus nach bhfuil gá leis agus glaoann muid ar na húdaráis áitiúla agus náisiúnta sna tíortha Cheilteacha an monatóireacht caoi a chuir i gcríoch chun é seo a gcomhlíonadh. I gcásanna mar seo oibríonn an Chonradh leis a mbrainsí náisiúnta agus le grúpaí áitiúla atá tar éis dul i mbun feachtaisí éagsúla ar cheisteanna áirithe áitiúla. Sa dóigh seo tugann an Chonradh tacíocht do ‘Tara Watch’ ina bhfeachtas chun cosc a chuir ar forbairt ar bith nua ar talamh in aice le Teamhar na Rí de bharr an seans mhaith ann go mhealladh an M3 a leithéid.

Tacaíonn an Chonradh chomh maith leis an aidheam ag ‘Tara Watch’ an suíomh thart ag Teamhar na Rí a ainmniú mar suíomh Oidreachta Domhanda de chuid na Náisiúin Aontaithe agus tá brú curtha againn ar rialtas na fiche-sé chontae mar gheall ar seo chomh maith. Sa chaoi chéanna d’oibrigh an Chonradh le ‘Carolyn Bay Watch’ i gCorn na Breataine agus craobhacha náisiúnta Cymru agus Kernow chun cosc a chuir le forbairt an Báigh mar ionad do só-tithe laethanta saoire. Sa feachtas seo bhain an Chonradh leas as na ceangail a raibh againn leis an ngrúpa Breatanach tithíocht agus teanga, Cymuned, i mbealach éifeachtach chun bac a chuir leis an bplean.

Tá tar éis éirí go maith leis an Chonradh le roinnt feachtais mar seo síos tríd na blianta. Mar shampla, an feachtas a chuir an Chonradh ar bun chun Lao Mhanann (oileáin beag amach ó chósta deiscirt an oiléain) a thógáil ó Iontaobhas Náisiúnta Shasana agus ar ais ag Náisiún an Oileáin Mhanainn. Chríochnaigh an comhoibriú seo idir craobh Mhananach agus craobh Londain an Chonartha mar bua ar dheireadh.

An forbairt soc-eacnamaíochta

Ar feadh na blianta baineadh mí-úsáid sóisialta agus eacnamaíochta as na tíortha Cheilteacha agus níl mórán athruithe sa lá atá inniú ann. Tá ceantrachaí sna tíortha Cheilteacha ina bhfuil an bochtanas forleathan, ach go minic ní thugann turasóirí é seo faoi ndeara mar go gcaitheann siad a chuid laethanta saoire i bhfad ó na háiteacha sin nó tá idéal áirithe acu go leanann muintir na tíortha Cheilteacha bealach maireachtála tuaithe atá ciúin agus traidisiúnta.

Ó tús na reabhlóide tionscalaíochta ach go háirithe, faraor, tá dúshaothrú déanta ar achmhainní nádúrtha na tíortha Cheilteach agus infheistiú déanta ar an saibhreas sin in áiteacha eile. In ainneoin dul chun cinn éigin i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta na tíortha Cheilteacha, sa lá atá inniú ann maireann scoilt ollmhór idir iad siúd atá saibhir agus iad siúd atá lom bocht. Tá dífhostaíocht ard i gcónaí agus caighdeáin maireachtála agus sláinte go ginerálta íseal go leor againn sna tíortha Cheilteacha.

Tá an Chonradh Cheilteach ag iarraidh dul chun cinn soch-eanamaíoch a fheiceáil mar gheall gurb é ceann d’aidhmeanna an Chonartha ná láidriú agus forbrú eacnamaíochtaí na tíortha Cheilteacha agus uaidh sin forbairt chun maitheas sóisialta muintir na tíortha sin. Is é an ‘robáil rúnda’ a ndéantar ar chúltaiscí ola na hAlbain ag Westminster sampla amháin den téama cólíneach céanna atá ag rith tríd caitheamh Londain agus Párás leis na tíortha Cheilteacha ar feadh na céadta. Tá aird á tharraingt ag an Chonradh ar an robáil seo i gcónaí agus teastaíonn uainn go n-úsáidfí na hachmhainní i mbealach atá chun leasa na tíortha Cheilteacha agus ní na cumhachtaí Impriúlach.

De bharr limistéir cumhachta atá i bhfeidhm sna tíortha Cheilteacha tá bac orthu smacht cáineach agus caitheachas dóibh féin a chuir i gcríoch, rud a chialaíonn go dtéann formhór na cáineach a ghintear sna tíortha ar ais go Londain agus Párás agus ní fheicfear riamh arís é.
É sin ráite leanann camailéireacht uaidh an easpa smachta ar an airgeadais agus gnó fiú sna háiteacha ar nós fiche-sé chontae na hÉireann agus an Oileáin Mhanainn ag a bhfuil cumhact a gcuid cánach ag na rialtais ann. Bíonn an Chonradh gníomhach i soiléiriú na mí-úsáide seo agus iarann sé ar straitéisí a chuir i bhfeidhm chun iarracht a dhéanamh a leithéid a ghearradh amach, cé nach bhfuil sé seo indéanta sa chóras chaipitileach i ndaíríre.

Tá cuid mhaith de na cinntí agus pholasaithe is tábhachtaí maidir le eacnamaíochtaí agus sochaithe na tíortha Cheilteach déanta lasmuigh dóibh. Déanann córáis rialtais agus riarachacháin na cinntí seo gan tuiscint acu ar an tionchar a mbeis acu ar na náisiún Cheilteacha ar cor ar bith. Sampla maith de seo ná cinne an Tionól Réigiúnda Iar-Dheiscirt na mílte tithe a thógáil i gceantracha i gCorn na Breatain nach mbeidh in ann an brú breis ar a infrastruchtúr a sheasamh agus i roinnt áiteach athraíodh go hiomláin caractéir na sráidbhailte. Rinneadh moltaí do forbaithe ollmhóra den sórt chéanna i gCeridigion. Tá an Chonradh Cheilteach i mbun feachtas chun tógáil tithe inbhuanaithe nua agus a bhfuil daoine in achmhainn a cheannach a spreagadh sna tíortha Cheilteach ar feadh breis is deich mbliana anois, ach go háirithe i gCorn na Breataine, an Bhreatain Bheag agus i nGaeltachtaí Éirinn. Ba chúis imní chomh mór sin do Chraobh Kernow ceist na tithíocht ag tús na haoise seo gur iarr siad ar Craobh na Breataine Bige dul i dteagmháil leis an ngrúpa tithíochta agus teanga nuabhunaithe agus rathúil, Cymuned. Tháinig an ghrúpa chun cainte i Penzance sa bhliain 2001 chun rabha a thabhairt ar an dochair a d’fhéadfadh forbairt tithtíocht nach raibh inbuanaithe a dhéanamh do eacnamíocht agus sochaí na Corna. Thug Craobh na hÉireann cuireadh do Cymuned go seminéar i nGaeltacht na Gaillimhe chun a gcuid taithí a roinnt ar an bhforbairt tithíocht de chainteoirí Bhéarla i bpobail eile teanga Cheiltigh agus na bealaí is fearr chun déileáil leo sin agus d’éirigh go han-mhaith leo. Leanann an Chonradh lena bhfeachtas chun forbairt tithíocht inbhuanaithe a bhrú sna tíortha Cheilteacha agus siúl a choinneál ar úsáid na tithe sin mar áiteacha cónaithe tánaisteach nó tithe laethanta saoire.

Is é an ganntanas ar tithíocht ar a bhfuil daoine in achmhainn a cheannach agus a chíosadh díreach mar chuid de fadhb níos leithne a n-aithníonn an Chonradh sna tíortha Cheilteach. Tá an Chonradh ag leanúint lena chuid oibre chun feabhas a chuir ar fadhbannaí éagsúla sna tíortha Cheilteach, mar shampla: Rátaí ísil íospháigh, dífhostaíocht, dáileadh míchothrom saibhreas, cúram míshásúil agus mífheiliúnach do dhaoine atá i mbaol sa sochaí, leithéidí páistí, íospáirtigh drochíde agus coiriúlaithe óga. Mar shampla iarradh ar an gConradh a tuairimí ar Conbhinsiún do Chearta an Pháiste a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe agus tá muid i mbun feachtas faoi láthair do iniúchadh iarghabhálach do cúram pháistí sna tíortha Cheilteach uilig.

Léigh Monatóireacht Míleata